|
Ag Obair mar Dheonach in Éirinn
Is féidir le héinne obair mar dheonach a dhéanamh! Is cuma an óg nó aosta thú, an fear nó bean thú, an bhfuil tú infheidhme nó faoi mháchail, an bhfuil tú ag obair nó nach bhfuil, tá obair éigin a bhfuil tú in ann í a dhéanamh. Agus is féidir leat an-sásamh a bhaint as obair dheonach. In Éirinn is é is brí le hobair mar dheonach ná:
“tú féin a cheangailt, d’am agus d’fhuinneamh a thabhairt, chun rud maith a dhéanamh don tsochaí, don phobal áitiúil, do dhaoine taobh amuigh de do theaghlach, don chomhshaol, nó ar son dea-chúiseanna eile. Deantar obair dheonach de dheoin féin an duine, agus gan íocaíocht as an obair, seachas an t-airgead a chaitheann an deonach ar dhéanamh na hoibre a aisíoc leis.”
Is iad seo a leanas roinnt de na buntáistí a bhaineann le hobair a dhéanann tú mar dheonach:
• Taithí a fháil ar féidir í a chur le do C.V.
• Níos mó mar gheall ar shlí bheatha eile a fhoghlaim
• Scileanna nua a fhoghlaim nó a fhorbairt
• Rud a dhéanamh ar mhaithe le dea-chúis
• Traenáil a bhaint amach
• Seans a fháil ar rud éigin a thaitníonn go mór leat a dhéanamh
• Buaileadh le daoine nua
• Rud éigin den gcultúr Gaelach a fhoghlaim
Ag obair mar dheonach ní bhfaighidh tú:
• Íocaíocht as an obair
• Ráthaíocht go bhfaighidh tú teastas
• Gealltanas go bhfaighidh tú obair íoctha nó íocaíocht le hábhair
• Ráthaíocht go mbeidh deis agat áiseanna a úsáid
• Ráthaíocht go mbeidh áiseanna crèche le fáil
• Ceachtanna bunúsacha Béarla
• Oideachas foirmiúil
Sula dtabharfaidh tú faoi obair mar dheonach, ba cheart duit smaoineamh ar na rudaí seo a leanas:
• Cén fáth ar mhaith liom bheith i mo dheonach? Cén sórt buntáistí ar mhaith liom a bhaint amach?
• Céard ba mhaith liom a dhéanamh? Céard nár mhaith liom a dhéanamh? m.s. obair le daoine/tionscnaimh/oifigí/obair sóisialta/ainmhithe/ealaíona srl.
• Cén saghas scileanna atá agam le tabhairt don chumann?
• An bhfuil scileanna ag teastáil ar mhaith liom iad a fhoghlaim nó ar ghá dom iad a fhoghlaim? Ar mhaith liom rud áirithe a fheiceáil nó a dhéanamh?
• Cé mhéad ama atá agam? (Smaoinigh ar an méid ama a bhíonn agat i rith an lae, um thráthnóna, an méid uaireanta sa tseachtain a bhíonn saor agat, agus an méid ama a bheadh le caitheamh agat ar thionscnamh.)
• Cá háit ar mhaith liom obair? (Smaoinigh ar an am a chaithfeá ag taistil agus na háiteanna is féidir leat a shroicheadh.)
Is féidir le Volunteering Ireland cabhrú leat agus tú ag plé leis na téamaí seo.
Má tá suim agat bheith i do dheonach, is féidir leat labhairt le Volunteering Ireland nó le hIonad na nDeonach i do cheantar. Faigheann a lán cumann deonaigh trí mheán Ionaid na nDeonach agus trí na fógraí a chuireann siad suas in áiteanna poiblí srl.
Céard a déarfaidh cumann le duine ar mhaith leis obair a dhéanamh mar dheonach:
Nuair a labhraíonn tú le cumann chun obair dheonach a dhéanamh tá seans go n-iarrfar ort na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
• foirm iarratais a líonadh
• dhá theastas a chur ar fáil
• agallamh neamhfhoirmiúil a dhéanamh
• teastas imréitigh ón nGarda Síochána a chur ar fáil (b’fhéidir go n-iarrfar ort é sin a bheith agat má bheidh tú ag obair le páistí nó le daoine fásta atá soghonta)
• traenáil a fháil
Tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios agat nach n-usáideann gach cumann na modhanna céanna; bíonn a lán structúr ag cumainn éigin, ach déanann cumainn eile a n-obair go neamhfhoirmiúil.
Sa chás is fearr, bíonn an deonach agus an cumann sásta nuair a fhaigheann an bheirt acu na rudaí a bhí ag teastáil uathu as an obair a dhéanann an deonach.
Roghanna Eile
Mura bhfuil tú in ann bheith i do dheonach i láthair na huaire agus más gá duit scileanna teanga nó scileanna ginearálta a fhorbairt d’fhéadfá smaoineamh ar na roghanna seo a leanas:
Ranganna teanga:
Bíonn áiseanna ar fáil i Leabharlann ILAC agus i leabharlanna eile, chun feabhas a chur ar scileanna teanga, m.s. malartú teanga. Bíonn na háiseanna sin ar fáil saor in aisce, agus bíonn an-suim iontu. Chomh maith le deis a fháil scileanna teanga éigin a chleachtadh le cainteoir dúchais, faigheann duine seans aithne a chur ar chultúr áirithe.
Bíonn a lán cúrsaí le déanamh san Open Learning Centre i Leabharlann ILAC, agus is féidir leat áit ar cheann díobh a chur in áirithe. Tá teastas sínithe ar chríochnú chúrsa ar fáil d’aon chuarteoir an leabharlainne a bhfuil 50 uair ar a laghad críochnaithe aige de chúrsa ríomhaire nó cúrsa teanga féin-mhúineadh atá á thairiscint ag an City Library Service. Ta an áis sin saor in aisce freisin. Chun tuilleadh eolais a fháil, scríobh chuig Central Library ILAC, Sráid Anraoi, Baile Átha Cliath 1, nó cuir glaoch teileafóin ar 01 873 4333.
Tá roghanna eile ann, m.s. ranganna oíche, cumainn i do cheantar féin nó cumainn de do shéipéal nó pharóiste, clubanna áitiúla spóirt, agus cumainn cúnaimh eile.
Download Irish brochure 
|